Nolwenn Leroy
Nolwenn Leroy - Mna Na H-eireann (Women of Ireland) lyrics
Your rating:
Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ól Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoil Ná seinm théad; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór Is tá bean 'na léine is is fearr a méin ná na táinte bó Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól