Clannad

Clannad - Mheall Si Lena Glorthai Me lyrics

Your rating:

Seo mo mhallacht ar na mná,

‘S iad a mhearaigh mé ‘gus rinne mo chrá,

Thit mé I dtús mo shaoil I ngrá le spéirbhe,an álainn óg

Is mheall sí lena glorthaí mé.



‘S í bhí sochmaí laghach gan bhróid,

‘S í ba mheallachaí ‘s ba mhilse póg,

Bhí sé cróiúil greannmhar cóir ‘s ní bréag a bhfuil mé ‘rá,

Gur mheall sí lena glorthaí mé.



Shíl mé nach raibh duine bocht ar mo dhream,

Nach raibh sa tsaol seo ach spórt is greann,

Ach faraoir tá mé fágtha anois go fann, modhobhrán bhoct liom féin,

Ó mheall sí lena glorthaí mé.



Is iomaí oiche fhada fhuar,

A chaith mé ‘suirí leithe chois na gcruach,

Is a ‘teacht ‘na ‘bhaile arís gan ghruaim le bodhránacht a' lae,

Nuair a mheall sí lena glorthaí mé.



Thóg sí a seotlaí I bhfad ar shiúl,

Is d'fhág sí mise a' sileadh na sul,

Nar chuma liom dá mbínn a' dúil, lena feicéail arís níos mó,

Och, mheall sí lena glorthaí mé.



Nach doiligh domhsa theacht fríd a' tsaol,

O d'eálaigh an ainnir úd a chráigh mo chroí,

Is d'fhág sí mise lag gan bhrí ‘o mo chaitheamh ‘s ‘o mo chloí,

Ó mheall sí lena glorthaí mé.



Ach dá bhfáighinn-s”a an saol seo ar mo mhian,

Scéal cinnte go mbeimis óg a choích',

Nó chuirfin-se lámh na cloige arís 

Go dtí an t-am arbh fhiú bheith beo

Nuair a mheall sí lena glorthaí mé.
Get this song at:
bol.com
amazon.com

Copyrights:

Author: ?

Composer: ?

Publisher: ?

Details:

Language: Irish

Share your thoughts

This form is protected by reCAPTCHA and the Google Privacy Policy and Terms of Service apply.

0 Comments found